Go to content

Polasaí Obair Bhaile

Policies/Polasaithe

Polasaí Obair Bhaile


An fáth go dtugtar obair bhaile?

  • Tugtar obair bhaile do pháistí chun tuilleadh cleachtadh agus daingniú a dhéanamh ar na coincheapanna atá múinte sa rang agus chun páistí a chur ag obair as a stuaim féin.
  • Chun nascadh a dhéanamh idir an múinteoir agus an tuismitheoirí.
  • Tugann sé deis do pháistí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna oibre agus bealaí.staidéir.
  • Bá cheart go mbeadh páiste in ann don obair bhaile a thugtar dí/dó. Go h-iondúil bíonn sé ullmhaithe ag an múinteoir roimhré sa rang. É sin ráite d'fhéadadh sé tárlú sna hÁdranganna go dtugtar roinnt obair bhaile chun dushlán a thabhairt do pháiste nó chun forbairt a dhéanamh ar a gcruthaítheacht.
  • Béifear ag súil go ndéanfaidh gach páiste an obair bhaile chomh maith agus is féidir leo.


Cén uair a thugtar obair bhaile?

  • Tugtar obair bhaile do pháistí ar an Luan, Mháirt, Céadaoin agus Déardaoin. Go hiondúil ní thugtar obair bhaile ar an Aoine ach í gcásanna nach raibh obair bhaile sásúil í rith na seachtaine nó b'fhéidir í gcás go mbeadh tionscnamh ar siúl go mbeifí in ann eolas a bhailiú ag an deireadh seachtaine.
  • Uaireanta faoí dhischréid an Príomhóide nó an mhúinteoir ranga d'fhéadadh sé tárlú go mbeadh oíche soar ó obair bhaile mar aitheantas ar dheá-obair.
  • D'fhéadadh sé tárlú go dtabharfaidh obair bhaile breise í rith na seachtaine nó ag an deireadh seachtaine dá mo rud é nach ndearna páiste obair bhaile nó nár chuireadar iarracht isteach ina gcuid obair bhaile.
  • Muna ndéantar obair bhaile, déantar é a chur í n-iúl do thuismitheoirí agus breathnófar ar mar briseadh rial scoile.


Ábhar an Obair Bhaile:

  • Go hidéalach beidh cothromaíocht idir tascanna leitheóireacht, tascanna foghlamtha agus tascanna scríbhneóireachta. Ní bheidh sé indéanta an cothromaíocht seo bheith ann í gcónaí agus beidh éagsúlacht í gceist ó lá go lá. Ag an am céanna bá cheart a mheabhrú go bhfuil an t-am a chaitear ar obair leitheoireacht agus foghlama chomh tabhachtach le obair scríobhfá. I measc an obair bhaile a thabharfar do na páistí beidh leitheoireacht, litriú, táblaí, obair scríofa, píosaí le foghlaim de ghlan mheabhar, dathú, ag bailiú eolais / nithe nó ag críochnú obair a tosaíodh sa rang. Ceapann páistí uaireanta nach obair bhaile ceart iad leitheoireacht nó foghlaim de ghlan mheabhar. Is féidir le tuismitheoirí ról fíor thabhachtach a bheith acu í n-éisteacht le leitheoireacht agus nithe atá le foghlaim de ghlan mheabhar chun cinntiú go ndéantar an obair seo go maith.


Cé mhéid (ama) obair-bhaile?
Anseo thíos tugtar treoir duit faoin méid ama go mba chóir don pháiste meánach a chaitheamh ag déanamh obair bhaile. Tógfaidh sé am éagsúil ar gach páiste an obair bhaile céanna a dhéanamh. Beidh éagsúlacht san am b'fhéidir ó lá go lá agus b'fhéidir idir tús agus deireadh na bliana. Tá sé tabhachtach a mheabhrú gurb é an caighdeán agus ní an méid obair bhaile atá tabhachtach. Glactar leis go mbeidh an
t-am seo soar ón teilifís nó aon chur isteach eile. Moltar go gcaitheadh tuismitheoirí 10 nóiméad eile le páistí Naíonáin Shoisearacha agus Naíonáin Shinsearacha ag dul siar ar leitheoireacht, foghraíocht agus ábhair eile. Bíonn tic (4) ar bharr an leathanaigh le taispeáint do thuismitheoirí Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra cén obair bhaile atá le déanamh.

Naíonáin Shoisearacha 10 - 15 nóiméad
Naíonáin Shinsearacha 15 - 20 nóiméad
Rang 1 20 - 30 nóimead
Rang 2 30 - 40 nóimead
Rang 3 30 - 40 nóiméad
Rang 4 40 - 50 nóiméad
Rang 5 50 - 60 nóimead
Rang 6 50 - 60 nóiméad

Cé mhéid cúnamh ar cheart do thuismitheoir a thabhairt?

  • Is féidir le tuismitheoirí cúnamh a thabhairt le obair bhaile trí áit agus am feiliúnach a bheith leagtha amach don obair bhaile agus trí cur isteach mar teilifís nó páistí eile a sheachaint.
  • Bá cheart go ndéanadh an páiste an obair scríbhneoireacht leo féin agus ní cheart cúnamh a thabhairt muna bhfuil deachracht ag an bpáiste
  • Má tá deacrachtaí ag páist le obair bá cheart do tuismitheoir níos mó samplaí a chleachtadh leis an bpáiste ach gan an obair bhaile a dhéanamh don pháiste. Sa gcás seo bá cheart don tuismitheoir nóta a chur ag an múinteoir ag miniú an fhadhb. Ní obair bhaile é léitheoireacht roinnte sa ghnáthchiall agus bá cheart gur gníomhaíocht speisialta é idor páiste agus tuismitheoir. Muna bhfuil sé taitneamhach ní cheart é a dhéanamh.


Cé chomh minic is a cheart do thuismitheoirí breathnú ar obair bhaile?

  • Iarratar ar thuismitheoirí breathnú ar an obair bhaile gach trathnóna agus an dialann obair bhaile a shiniú do pháistí Rang 1 - Rang 6. Is áis thabhachtach í an dialann scoile mar go bhfuil cuntas coinnigh ar obair bhaile and pháiste agus is bealach iontach é le cumarsáid a dhéanamh idir tuismitheoirí agus múinteoirí. Déan cinnte go bhfuil an obair bhaile tógtha síos í gceart ag do pháiste agus go gcuireann sé/sí tic (4) ar gach rud nuair atá an obair bhaile déanta aige. Ní ghlacfar ach le caighdeán áirithe scríofa ag cur cumas an ghasúir san áireamh. Cothaítear néatacht ón tús.
  • Cuirtear abhaile nuachtlitreacha agus nótaí scoile go minic agus moltar do pháistí iad a chur sa dialann scoile le go bhfeicfidh tuismitheoirí iad go héasca.


Cé chomh minic is a cheartaíonn Múinteoirí obair bhaile?

  • Go hidealach is maith leis an múinteoir ranga obair bhaile a sheiceáil gach lá. Faraoir le ranganna móra níl sé indéanta dialann scoile gach páiste a sheiceáil gach lá. De réir mar a fhaigheann páistí níos sinne agus ag obair go neamhspleach astú féin, déantar roinnt den obair bhaile a sheiceáil gach dara lá nó uair sa tseachtain. Is féidir leis na páisti féin nó le páistí eile roinnt obair bhaile a sheiceáil faoi threoir an mhúinteora. Is próiseas fóghlamtha ann féin é seo.


Cén uair ar cheart don tuismitheoir cumarsáid leis an Múínteoir ranga maidir le obair bhaile?

  • Cuirfear nóta ag an múinteoir nuair nach bhfuil an páiste in ann an obair bhaile a dhéanamh mar gheall ar choinsí baile.
  • Nuair nach bhfuil an páiste in ann obair bhaile a dhéanamh mar nach dtuigeann said cuid dó.
  • Má tá an t-am a chaitear ar obair bhaile níos mó ná an am sna treoirlínte.


Cén uair ar cheart obair bhaile a dhéanamh?

  • Tá gach suíomh baile éagsúil óna chéile - beirt tuismitheoirí ag obair, feithlí linbh agus &rl. Go hidéalach bá cheart obair bhaile a dhéanamh sul ma bhreathnaítear ar an teilifís go luath tar éis don scoil críochnú. É sin ráite bíonn briseadh ag teastáil do roinnt pháistí sula dtosaíonn said ar obair bhaile. Ní cheart obair bhaile a fhágáil a riamh go dtí an mhaidin.
  • Moltar tosnú le matamaitic, ansin scríbhneoireacht, ansin léitheoireacht agus an obair a chaithfear a fhoghlaim de ghlan mheabhar ag an deireadh m.sh. Litriú, Táblaí, Dánta &rl. Tá a lán gníomhaíochta eile gur féidir leat a dhéanamh le do pháistí a chabhródh leis / lei m.sh scéalta a léamh, péint.


Home Page | This month's events/Eachtraí don mhí seo | Our School/An Scoil | Classes/Na Ranganna | Sport/Spórt | Science/Eolaíocht | Music/Ceol | Drama/Drámaíocht | Events/Eachtraí | Archive | Campa Samhraidh/Summer Camp | Féilire don scoilbhliain 2011/2012 | Nuachtlitreacha | Policies/Polasaithe | Contact Us/Teagmhail Linn | Site Map


Scoil Naomh Sheosaimh, Buaile Beag | buailebeagns@hotmail.com

Back to content | Back to main menu