Main menu:
Policies/Polasaithe
Polasaí í gCoinne Bulaíochta
Is polasaí do phobal uile na scoile é an polasaí seo idir páistí, foireann, tuismitheoirí, bord bainistíochta.
Tá sé rí-thábhachtach go léirimíd í gcónaí meas ar a chéile agus go mbímid béasach agus cáirdiúil agus macánta ag déileáil lena chéile. (Baineann sé seo le caidreamh idir páiste agus páiste, páiste agus múinteoirí, páiste agus foireann na scoile, tuismitheoirí agus páistí sa scoil, foireann na scoile lena chéile, tuismitheoirí agus foireann na scoile, Bord Bainistíochta agus pobal na scoile agus muid ar fad mar phobal scoile lena chéile agus le cuairteoirí ag an scoil).
Is scoil sona í seo ina spreagtar féin-mhuinín chách. Caithfear cearta daoine eile a aithint agus caithfear cuir í n-iúl do ghach duine go minic go bhfuil dualgas ar chách maidir le sabháilteacht agus leasa gach páiste agus chuile dhuine sa scoil.
Tá sé ceart agus coir eachtraí bulaíochta a insint agus tuairisc a thabhairt, agus ní insint scéalta atá í gceist, ach ciall, muinín agus dualgas a léiriú.
Aidhmeanna:
Sainmhiú ar bhulaíocht:
Is ionsaí leanúnach ó bheal, go sicealaíoch nó go fisiciúil é an bhulaíocht ag duine aonair nó grúpa í gcoinne daoine eile.
Ní hionann í gcónaí gach eachtra drochiompar í gcoinne duine nó daoine agus bulaíocht.
Leideanna ar iompar bulaíochta - tuartha agus comharthaí:
Nosanna imeachta chun eachtra iompair bhulaíochta a nótáil agus tuairisciú faoi:
1. Má bhíonn tuismitheoir buartha faoi bhulaíocht ar a pháiste sa scoil, is coir dóibh é seo a rá leis an oide ranga.
2. Déanfar gach iarracht an coimhlint a reitiú. Déanfar dían-scrúdú ar iompar na bpáistí sa rang agus sa chlós.
3. Caithfidh gach múinteoir gach tuairisc a mheasann sé / sí atá creidrúlach a nótáil agus gach eachtra a iniúchadh agus a phlé. Caithfidh an múinteoir a shoiléiriú nuair a thuairiscíonn páistí eachtraí bulaíochta go bhfuil said á n-iompar féin go freagrach.
4. Caithfear cásanna bhulaíochta ag daltaí a chur faoí bhráid an Phríomhóide láithreach.
5. Caithfear eachtraí a chur in iúl do thuismitheoirí na n-iobartach agus na mbulaithe láithreach chun deis a thabhairt dóibh an t-ábhar a phlé.
6. Coiméadfaidh an scoil tuairisc ar na céimeanna seo í leabhar sa seomra láidir.
7. Nuair a bhogann an rang grúpa ar aghaidh, cuirfear an múinteoir nua ar an eolas faoi
Nosanna imeachta chun iniúchadh agus déileáil le bulaíocht:
1) Moltar cur chuige socair, réamh chorraithe fadhbréitheach a chleachtadh chun déileáil le h-eachtraí bulaíochta.
2) Is fearr eachtraí den chinéal seo a scrúdú lasmuigh den rang.
3) In aon eachtra bulaíochta, caithfidh an múinteoir labhairt, dhuine ar dhuine, leis na daltaí atá páirteach chun teacht ar an dá thaobh den scéal.
4) Má tá níos mó ná páiste amháin í gceist, níor mhiste labhairt le gach páiste ina aonar agus ansin bualadh leis an ngrúpa iomlán.
5) Is féidir coinne a eagrú le na tuismitheoirí a luaithe agus is féidir é a shocrú. Is féidir na tuistí a chur ar an eolas faoin scéal ionas gur féidir cathrú le na páistí, stop a chur leis an drochiompar seo atá suarach agus do-ghlactha in aon scoil nó ionad iobre do dhuine ar bith.
Beidh seans ag gach duine éisteacht, plé, comairle, dualgas a thógaint, gortú a adhmhail, brón a léiriú agus críoch deimhneach a chur leis, más féidir.
D'fhéadfadh sé tárlú nach mbeadh críoch deimhneach ar chúiseanna áirithe iáfach. Mar sin féin, caithfear cinnte a dhéanamh de chomh fada agus is féidir go bhful a fhios ag na tuismitheoirí nach glacfar le bulaíocht inar scoil ó dhuine ar bith agus ní léiríonn búlaíocht eiteas na scoile ina bhfuil meas don dhuine aonarach nó cearta an duine aonarach le saoirse pearsanta.
6) I gcásanna ina gcruthaítear gur thárla iompar bulaíocht is ceart dul í dteagmhail leis na tuismitheoirí níos déanaí agus a chinntiú nach bhfuil aon deacracht eile ag an dalta.
7) Cuirfear cásanna tromchúiseach bulaíochta faoi bhráid an Bord Bainistíochta, más ghá. Glacann an Bord leis an bpolasaí seo agus mar atá sóiléir ón gCód Smachta, ní ghacfar le haon maistíneacht sa scoil.
8) I gcásanna éagsúla beidh sé riachtanach cabhair a fháil ó na Gardaí.
Póintí Breise: