Main menu:
Policies/Polasaithe
Polasaí Chlárúcháin
Tá an pholasaí seo curtha le chéile ag Bord Bainistíochta Scoil Naomh Sheosaimh, faoi mholtaí an Acht Oideachais 1998, Rialacha na mBunscoileanna Náisiúnta agus ag teacht le hEtós na scoile.
Ainm na Scoile: Scoil Naomh Sheosaimh
Seoladh: Buaile Beag, Bearna, Co. na Gaillimhe
Guthán: 091 - 520933
Ríomhphoist: buailebeagns@hotmail.com
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta: Cristóir de Barra
Creideamh: Caitliceach
Pátrún: An t-Easpag Máirtín Ó Droighneán
Foireann Teagaisc:
Damian Ó Caoimh (Príomhóide)
Aoibheann Nic Thoirealaigh
Peadar Ó Cualáin
Fíona Ní Fhlatharta
Linda Nic an Chléirigh
Caitilín Ní Ríain
Caitríona Ní Loinsigh
Is bunscoil í Scoil Naomh Sheosaimh a fheidhmíonn go hiomlán faoi Rialacha na Roinne Oideachais, faoi stiúr an Bord Bainistíochta. Is é a Ghrásta Easpag na Gaillimhe patrún na scoile.
Múintear gach rang ó Rang na Naíonáin Shóisearacha go Rang 6 ina bhfuil buachaillí agus cailíní.
Braitheann an scoil ar dheontais agus acmhainní múinteoirí atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Leanann an scoil na Cláracha Churaclam atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, arbh fhéidir a leasú ó am go chéile de réir Roinn 9 agus Roinn 30 den Acht Oideachais 1998.
Faoi iamh na hairgeadas agus na hacmhainní atá ar fáil, rialacha agus cláracha na Roinne agus cearta an phátrúin (dé réir prionsabail na hAchta Oideachais) tacaíonn an scoil le na bun-prionsabail maidir le cuimhsitheacht agus go háirithe ó thaobh páistí le mí-chumais, ciníochas nó aon riachtanais speisialta eile.
Tugann Scoil Naomh Sheosaimh tacaíocht do na prionsabail seo a leanas:
a) Cuimsítheach, go háirithe í dtaobh cláraithe páistí le mí-chumas nó le riachtanais speisialta acadúla eile.
b) Cothromaíocht í dtaobh cead isteach agus bheith páirteach sa scoil.
c) Rogha an tuismitheoirí í dtaobh cláraithe.
d) Meas ar an éagsúlacht í dtaobh creidimh, traidisiúin, teanga agus bealaí an tsaoil sa cheantar.
Uaireanta Oscailte:
Naíonáin Shóisearacha & Shinsearacha: 08.50 a.m. - 1.30 p.m.
Rang I - Rang 6 08.50 a.m. - 2.30 p.m.
Ám sosa : 10 nóiméad 11.00 a.m. -11.10 a.m.
Ám lóin : 30 nóiméad 12.30 p.m. - 1.00 p.m.
Modh Imeachta í Leith Iarratais:
Tuismitheoirí a theastaíonn uathu a bpáistí a chlárú i Scoil Naomh Sheosaimh, ní mór dóibh foirm iarratais a líonadh isteach agus é a sheoladh chun na scoild. Cuirfear ainmneacha na bpáistí a bhfuil foirm iarratais faighte ag an scoil ar comhad. Ta an cinneadh maidir le cláracháin faoin mBord Bainistíochta dé réir polosaí na scoile.
Le linn na scoilbhliana,,cláraítear páistí a thagann isteach sa cheantar, nó ó scoileanna eile, de réir rialacha na Roinne treoracha an pholasaithe iontrála agus le comhaontú leis na scoileanna eile.
Ní cheadaítear páistí a bhfuil Rang 6 déanta acu cheana a chlárú de réir ciorcalán 32/03.
Cuirtear foirm speisialta ar fáil ag an mBord Bainistíochta don chlárúcháin. Tá an t-eolas seo a leanas san áireamh:
Caithfidh gach páiste bheith ceithre bliana d'aois roimh1ú Mean Fómhair don bhliain go bhfuil an páiste chun scoilbhliain a thosnú.
Is féidir leis an bpáiste a bheith níos sine, cé nach bhfuil tinreamh éigeantach í bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Éolaíochta go dtí aois a sé.
Is é comhionannas rochtana, an luacheochair a dheimhníonn clárú páistí de bharr cine, riachtanais oideachas speisialta, máchaile, teanga / blas, inscne, tuairimí agus luachanna creidimh / polaitiúla, cúinsí clan nó soisialta.
Aithnítear cearta tuismitheoirí a bpáistí a chlárú ina rogha scoile. Ach tá Bord Bainistíochta Scoil Naomh Sheosaimh freagrach as cearta an chomhluadair scoile agus go háirithe cearta na bpáistí atá cláraithe cheana sa scoil. Ní mór breithiúnas coir a thabhairt ar gach iarratas bunaithe ar chearta nádurtah agus feidhmiú ar son leas páistí / iarrthóirí.
Ag tacú leis an scoil, cinntíonn an Bord Bainistíochta uasmhéid líon na ndaltaí í ngach seomra ranga ag tógaint san áireamh:
a) achmhainní spáis
b) riachtanaisí oideachasiúl an dalta
c) na hurmhreacha sna ranganna meascaithe
d) daltaí le riachtanas spéisialta sa rang
e) moltaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta í leith mean uimhreacha ranga
Ní dhiúltófar do pháiste ar bith ar bhonn mí-chumais, aicme, datha ná creidimh.
Glacfar le páistí sna ranganna bunaithe ar an gcoinníoll go mbeadh an chóiríocht chuí ann. Tabharfar tosaíocht sa scoil mar seo:
a) Páistí ina gcónaí cóngarach don scoil / sa pharóiste
b) Deartháireacha / deirfiúracha daltaí atá sa scoil cheana féin
c) Clann mhac agus iníonacha foireann na scoile
d) Clann mhac agus iníonacha iarscoláirí Scoil Naomh Sheosaimh
e) Aois
Ag braith as na hasmhainní a chuireann an Roinn Oideachas agus Eolaíochta as fáil don Bhord Bainistíochta, tacófar le páistí le reachtanais oideachas speisialta.
Ní mór do na daltaí atá cláraithe in ár scoil comhoibriú agus tacú lenár gCód Iompair agus Smachta agus leis na polasaithe go léir atá ag an scoil.