Main menu:
Policies/Polasaithe
Polaisí Straitéise Tinrimh
Reamh-rá
Tá sé mar aidhm ag pobal uile na scoile seo ,idir páistí, foireann, tuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta ,cultúr a chothu sa scoil ina mbíonn meas ar dea- thinreamh agus tuiscint ar an tabhacht ata ag baint leis. Spreagtar tinreamh rialta agus atmaisféar ina bhfuil luach árd ar fhoghlaimíocht sa scoil.
Reasúnaíocht
Shocraigh Scoil Naomh Sheosaimh ath-bhreithniú a dhéanamh ar thinreamh mar;
Is mian linn daltaí a spreagadh le freastal ar an scoil agus tacaíocht a thabhairt do chearta foghlama gach páiste.
Tá sé riachtanach léiriú le thuismitheoirí an tabhacht atá ag baint le tinreamh poncúil rialta.
Is ceanglas é faoin Acht Oideachais 2000.
Fís
Teastaíonn ó Scoil Naomh Sheosaimh a chur ar chumas gach linbh a mhianach nó a mianach a fhorbairt idtimpeallacht chineálta ina gcuirtear san áireamh buanna gach linbh. Is fear gur féidir an obair seo a dhéanamh áit ina mbíonn leibhéal árd oscailteachta, tuiscint agus comh-oibrithe idir an fhoireann, tuismitheoirí agus daltaí.
Aidhmeanna
S'iad na haidhmeanna atá againn tríd an phlean seo ná
An tAcht Leasa Oideachais 2000
Sé an tAcht Oideachais (Leas) 2000 a rialaíonn tinreamh scoile in Éirinn.Ní mór do thuismitheoirí a chinntiú go bhfreastalóidh a gcuid gasúr ar scoil aitheanta ó aois a 6 go 16 ar gach lá a bhfuil an scoil sin ar oscailt agus ranganna ar siúl ann.
De reir an Achta agus i dtaca le Cód Iompar na Scoile, bíonn sé de dhualgas ar thuismitheoirí linbh nach bhfuil i láthair ,an príomhoide a chur ar an eolas maidir le cúis an neamhláithreachas sin tráth nach deanaí ná an tríú lá den neamhláithreachas.
Coimeadtar nótaí nó cuntas den neamhláithreachas.
Caithfidh scoileanna clárliosta timrimh dá gcuid daltaí a choinneáil . Caithfidh said clárliostaí tinrimh da gcuid daltaí uilig a choinneáil agus má bhíonn dalta níos mó ná 20 lá as láthair é sin a chur in iúl don BNLO.
Má cheapann an príomhoide go bhfuil fadhb tinrimh ag dalta nó má bhíonn dalta ar fionraí caithfidh sé é sin a chur in iúl don BNLO.
An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais
Is áisínteacht naisiúnta í an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (BNLO) a bunaíodh le deimhin a dhéanamh de go bhfreastalóidh gach gasúr ar scoil go rialto nó go bhfáighidh sé nó sí íosleibhéal sásúil oideachais ar bhealach éigin eile.Déanann an Bord monatóireacht ar thinreamh scoile agus leanann sé beartais áirithe le déaláil le gasúir nach bhfreastalaíonn ar scoil.Cuireann an BNLO comhairle do thuismitheoirí nach rud maith é laethanta saoire a thógáil i rith an tearma scoile.
Straitéisí na scoile uile chun tinreamh a chothú:
1. Timpeallacht
Cuirfidh Scoil Naomh Sheosaimh timpeallacht shlán ,fháilteach, dhearfach ar fail dár ndaltaí agus dá dtuismitheoirí.
2. Cumarsáid
Tá córas cumarsáideach éifeachtach idir muinteoiri agus tuistí agus bíonn teagmháil eatarthu i dtaobh cursaí obairbhaile/ éide scoile/ loin/ curaclam agus mar gheall ar sin, ní chuireann na gcursaí sin le neamhfhreastal na daltaí.
Idirghábhail luath: Cuirfimid máithreacha/ aithreacha nua ar an eolas faoi nósanna imeachta a bhaineann le tinreamh agus tábhacht an tinreamh ag cruinniú i mí Meán Fómhair gach scoilbhliain.
3.Eolas
Cuirfear litir meabhraithe chuig gach tuismitheoir gach Meán Fómhair ina rianófar tábhacht poncúlacht agus tinrimh mhaith scoile.
Moltar go láidir do thuismitheoirí gan bheith ag tógáil páistí ar laethanta saoire le linn am scoile. Beidh ar na tuistí cinntiú go mbeidh an obair déanta sa rang le linn na saoire ar eolas ag a bpáistí .
Cuirfimid tuistí ar an eolas faoi na ceanglas a bhíonn ar scoileanna agus ar thuismitheoirí faoin Acht Oideachais.
Iarrtar ar mhúinteoirí liosta do pháistí a cheapann said a bheadh i mbaoill i dtaobh tinrimh scoile a thabhairt don Phríomhoide chun cinntiú go bhfuil an Príomhoide ar an eolas chomh luath agus is féidir.
4. Tuairiscí
Tugaimíd tuairisc ar lion na laethanta scoile a chaill leanbh do thuismitheoirí sna tuairiscí ag deireadh na bliana agus pléitear tinreamh ag cruinnithe tuismitheoirí- múinteoirí freisin.
Cóimeadtar cuntais ar lion thinreamh gach dalta ó bhliain go bliain agus coinneofár an eolas seo ar chomhad sa scoil.
Ról na dTuismitheoirí
A chinntiú go bhfreastalaíonn an páiste ar scoil aitheanta gach lá scoile.
Má tharlaíonn sé go mbíonn páiste as láthair óna scoil cláraithe ar feadh aon chuid den la scoile nó thar tréimhse lae nó níos mó, tá dualgas ar an tuismitheoir de réir an tAcht é seo a chur in iúl don scoil agus na fáthanna leis an pháiste bheith as láthair.
Sé polaisí na scoile seo go gcuirfear na fáthanna sin i scríbhinn. Cuirfear cóipeanna de litir caighdeánaithe abhaile chuig tuismitheoirí ag tús gach scoilbhliain agus iarrtar orthu an t-eolas riachtanach a líonadh isteach.
Coinneofár litreacha agus teastais dochtúra ar chomhad sa scoil ar feadh aon scoilbhlian amháin.
Tá cead scríofa riachtanach ó thuismitheoirí ma tá ar pháiste an scoil a fhágail ar chúis ar bith le linn am scoile. Sa chás seo caithfear tuismitheoir nó caomhnóir an pháiste a bhailiú ón seomra ranga.
Conas is féidir leatsa cabhrú le do leanbh freastal ar an scoil?
Ról an Mhúinteoir Ranga
Clárliosta tinrimh da gcuid daltaí uilig a choinneáil agus é a scriobh sa Leabhar Rolla roimh 10.30 gach lá.
An t-eolas seo a thabhairt don Leas -Príomhoide gach lá ionas go mbeadh an clárliosta tinrimh curtha sa Leabhar Tinreamh.
Litreacha ó thuismitheoirí agus teastais dochtúra a choinneáil sna pócaí cuí do gach rang sa chomhad sa seomra foirne.
Liosta do pháistí a bheadh i mbaoill de réir tinrimh scoile a chur chuig an Príomhoide.
Má chailleann páiste níos mó na 20 lá , tabharfar na nótaí a bhaineann leis an bpaiste sin don Príomhoide.
Ról an Phríomhoide
-A chur i n-iúl don Bord Naisiúnta Leasa Oideachais i scríbhinn;
- nuair a bhíonn dalta as láthair ar feadh 20 lá scoile in aon scoilbhliain amháín.
- nuair a bhíonn dalta ar fionraí do thréimhse níos mó ná 6 lá scoile.
- nuair a thogtar ainm páiste ón Rolla.
- nuair a cheapann an Príomhoide nach bhfuil páiste ag freastal ar scoil go rialta.
Coinníonn sé an Bord Bainistíochta ar an eolas maidir le tinrimh scoile.
Cuireann sé i n-iúl do scoil a bheadh páistí ag aistriú go dtí é aon fhadbh maidir le tinrimh scoile agus nithe oiriúnach a bheadh bainteach le dul chun cinn oideachasúil an pháiste.
Ní mór don scoil eolas faoi gach dalta a bhíonn níos mó ná 20 lá as láthair ar fáthanna ar bith a chur i n-iúl don B.N.L.O. de réir rialacha agus claracha na Roinne.
Cur i bhfeidhm
Beidh an Bord Bainistíochta , na tuismitheoirí, an Príomhoide agus na múinteoirí uile freagrach as an bpolaisí a chur i bhfeidhm.
Daingniú agus Ath-bhréithniú
Dhaingnigh an Bord Bainistíochta an polaisí go hoifigiúil ag cruinniu i 2003 agus rinneadh ath-bhreithniú ar an bpolaisí i 2005 agus i 2007. Déanfar athbhreithniú ar fheidhmiu an ráiteas arís ag cruinniu foirne agus ag cruinniu an Bhord Bainistíochta i 2009.