Main menu:
Policies/Polasaithe
Cód Iompar agus Smachta
Ins an polasaí seo tá cur síos déanta, ní amháin ar na rialacha atá le coiméad sa scoil ach cur síos níos iomláine a dhéanamh ar conas mar chaithfimíd le chéile sa scoil. Cuirfimíd, pobal na scoile, béim ar dea-iompar a leiriú lena chéile í gcónaí. Sa chaoí seo táimid ag siúl go bhfoghlaimeoidh na páistí go h-inmheanach a bheith go deas, cáirdiúil, beasach í gcónaí lena chéile. Is mian linn atmaisféar cáirdiúil, co-oibritheach a chruthú agus a dhaingnú sa scoil.
Prionsabail:
Rialacha na Scoile
Tá na rialacha ar fáil í ngach seomra ranga agus freisin í leabhar eolais do thuismitheoirí. Moltar do gach oide, tuiste agus páistí íad a léamh.
Tá na rialacha bunaithe ar shábháltacht, ag tabhairt aire dóibh féin, ag tabhairt aire do dhaoine eile, meas a thabhairt agus a thaispeaaint, maistíneacht a chosc, tinreamh agus ponculacht mhaith a léiriú, obair bhaile agus obair scoile a dhéanamh, dea iompar agus dea bhéasaí a léiriú, agus a bheith mácanta le cách.
Is polasaí dearfach é cód smachta na scoile seo. Tá béim ar dea iompar a chothú seachas síorchaint faoin drochiompar.
Iompar sa scoil
Sé meas do chách bunús na riallacha. Bá choir do gach páiste bheith dea-bhéasach le oidí, tuistí, páistí agus cuairteoirí.
Molfar macántacht ins na páistí. Ní mór do pháistí meas a bheith acu ar foirgeanamh agus troscán na scoile agus sheacluchas daoine.
Iompar sa Rang
Tá sé riachtanach go nglacann gach páiste le cearta foghlama na daltaí sa scoil. Ní ghlacfar le pé iompar a chuireann isteach ar obair na ranga.
Iompar sa chlós
Smachtbhannaí agus saghsanna mhí-iompar
Smachtbhannaí
Tá an cód smachta seo curtha í bhfeidhm faoí choimirce an Bhord Bainistíochta agus tá sé mar dhualgas ar an bpríomhóide cinntiú go bhfuil an cód seo a chur í bhfeidhm. Tá gach múinteoir freagrach as deá-iompar taobh istigh dá rang féin agus as deá-iompar gach páiste sa scoil atá faona curám. Le go gcuirfear an cód í bhfeidhm go héifeachtach agus go tuisceanach tá gear ghá le comhoibriú iomlán ó na tuismitheoirí agus ó na páistí. Beidh deá-thoradh an chóid smachta bunaithe ar dheá-chumarsáid,
deá-thoil agus dílseacht na dtuismitheoirí don scoil. Mar a luadhcheana tá éagsúlacht agus féiniúlacht ag chuile ghasúir. Bíonn tionchair sheachtracha agus inmheánacha ar an ngasúir. É sin ráite tuigeann múinteoir má tá fadhb áirithe ag gasúr a chuireann isteach go díreach ar a fhéin smacht agus smacht ranga, ar shábháileacht páistí agus múinteoirí, cruthaíonn sé seo fadhbanna. Tá a chuid/cuid cearta ag gach gasúir agus caithfear timpeallacht sábháilteach agus sláintiúil a chothú do chách an oiread agus is féidir. Má tá páiste le fadhbanna iompar atá ag cur sábhailteacht múinteoirí nó páistí í mbaoll molfaidh an múinteóir agus an príomhóide do na tuismitheoirí tastáil / meastórieacht shiceolaíochta a dhéanamh ar an ngasúir. Molfar dá réir cabhair a lorg ó sheirbhísí tacaíochta taobh istigh den phobal m.sh eagraíthe de chuid riachtanais oideachais speisialta (SENO), seirbhísí curam poiblí, Bord Sláinte, Ballard House, St. Anne's. Caithfear an cód smachta a leanacht do gach páiste atá cláraithe sa scoil chun deá-iompar agus smacht a chinntiú le go bhféachfaidh gach duine oibriú í suíomh sona suailceach cuirfear na stráitéisí moladh seo í bhfeidhm.
Stráitéisí Moladh:
Is féidir moladh a thabhairt ar na bealaí seo leanas:
Beidh smachtbhannaí nó pionóis le cur í bhfeidhm chun míshástacht í dtaobh mí-iompar a chur í n-iúl. Nuair a chuirtear smachtbhannaí í bhfeidhm bá cheart go dtuigeadh páiste nach bhfuil an rud atá déanta acu inghlachta agus gurb é an droch iompar atá á dhiultiú.
Seo leanas na céimeanna struchtúrtha a leanfar í gcás mhí-iompar:
1. Leabhairt go réasúnach leis an bpáiste.
2. Casaoid a thabhairt agus comhairle a chur air/uirthí. Déanfar nóta dó sa chóipleabhar iompair.
3. Má theipeann ar chéim 1 agus 2 cuirfear pionós ar an bpáiste ar cheann de na bealaí seo a leanas ag brath ar mhí - iompar an pháiste.
Coinneofar nóta díalann scoile agus ní mór do thuismitheoirí é a shiniú chun deimhniú go bhfuil an nóta fáighte agus léite.
4. Sa gcás nach n-éiríonn leis an múinteoir an cás a réiteach trí chéim 1,2 agus 3 cuirfear an páiste do dtí an príomhóide. Labhróidh an Príomhóide leis/leí. Moltar don Phríomhóide cuntas a choinneáil ar gach páiste a chuirfear do dtí é/í agus cuntas freisin ar fheabhas ar bith a thagann air/uirthí. Bá cheart go dtuigfeadh an páiste go bhfuil sé seo ag tárlú.
5. Má leanann na deacrachtaí cuirfear na tuismitheoirí ar an eolas. Tabharfar cuireadh do na tuismitheoirí teacht chun cás an pháiste a phlé leis an múinteoir ranga í dtosach. Déanfar an scéal a mhiniú dóibh agus míneofar dóibh go bhfuil an scoil ag súil lena gcomhoibriú chun feabhas a chur ar iompar a bpáiste. Déanfar tagairt don chód smachta agus cuirfear ina luí orthu go dtógfar an scéal céim eile muna bhfeabhsófar cúrsaí.
6. Maoirseacht laethúil / seachtainiúil ar an bpáiste.
7. Má léanann na deacrachtaí fós tabharfar cuireadh do na tuismitheoirí teacht chun an cás a phlé leis an múinteoir agus an Príomhóide. Mínítear dóibh an chéad chéim eile.
8. Má léantar fós leis an mí-iompar cuirfear é seo í n-iúl don Bord Bainistíochta. Moltar don Bord Bainistíochta litir chláraithe a chur go dtí na tuismitheoirí ag miniú an scéil dóibh agus na himpleachtaí a bhaineann leis.
9. Tabharfar cuireadh arís do na tuismitheoirí teacht isteach go dtí an scoil agus an cheist a phlé leis na páirithe thuasluaithe. Cuirfear í n-iúl do na tuismitheoirí an chéad chéim eile-Fionraí 3 lá.
10. Fionraí 3 lá faoí riail 130(5) de réir rialacha í gcomhair scoileanna náisiúnta.
11. Fionrai 10 lá le cead scríofa on mBord Bainistíochta. Caithfidh an Bord Bainistíochta a chur í n-iúl d'oifigeach de chuid an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais aon fíonraí a théann thar 6 lá.
12. Tréimhse níos faide fionraí le cead scríofa ón mBord Bainistíochta.
13. I bhfíor dhroch-chás nó má cheapann an fhoireann agus an Bord Bainistíochta go bhfuil gach ar féidir déanta is gá machnamh a dhéanamh ar dhibirt ón scoil.
14. Cuirfidh an bord é seo í n-iúl í scríbhinn d'oifigeach de chuid an Bord Naisiúnta Leasa Oideachais.
15. Ni chuirfear í bhfeidhm an cinneadh dalta a dhíbirt as an scoil go ceann 20 lá scoile tar éis don Bhord Náisiúnta leasa Oideachais fógra a fháil í scríbhinn. Bá choir an fhoirm nua fógra cinnidh díbeartha a úsáid chun é seo a chur in iúl.
Ní dhíbreofar aon dalta ón scoil gan cead an phatrúin a fháil roimh ré.
Ag cur deireadh le tréimhse Fionraí:
a) Déantar cumarsáid í scríbhinn le tuismitheoirí maidir le páiste a chur ar fionraí tar éis na céimeanna eile a bheith leanta roimh ré.
b) Tabharfar le fíos sa ráiteas scríobhfa do thuismitheoirí na coinníollacha agus na dátaí a mhairfeas an tréimhse fionraíochta. Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse fionraíochta déanfaí an príomhóide an páiste a ath-ghlachta isteach sa rang go foirmealta.
c) Má leigheastar an fhadhb le linn tréimhse fionraíochta is féidir athghlachta le páiste le linn an treimhse fionraíochta (roimh an dáta deireadh). Beidh sé seo faoí dischréid Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta agus an Príomhóide.
Modhanna:
Siad na múinteoirí agus an Príomhóide a dhéanfas meastóireacht ar cén sort iompar atá í gceist m.sh míon mhí-iompar, mí-iompar tromchúiseach, nó mí-iompar tútach uafásach.
Samplaí de míon mhí-iompar:
Ag cuir isteach ar obair ranga / deirneach ag teacht ar scoil /Ag rith í bhfoirgnimh na scoile / ag caint sa líne / Ag fágáil áit gan cead ag am lón / Ag fágáil bia / deochanna í mboscaí brúscar na ranga / ag caitheamh brúscar timpeall na scoile / Gan bheith ag caitheamh an culaith ceart scoile / droch bhéasach, drochmheasúil / gan obair bhaile bheith sínithe ag tuismitheoirí, ag gorthú íad féin / daltaí eile sa chlós ag am sosa.
Ceimeanna atá le leanacht ag an múinteoir í gcás mhion mhí-iompar:
Labhairt go reasúnach leis an bpáiste / folaíreamh a thabhairt dóibh. Iompar clóis a chlárú sa leabhar smachta. Má thárlaíonn sé go leantar le go leor míon mhí-iompar cuirfear an cód smachta í bhfeidhm. Nóta a chur í ndialann scoile na bpáistí le siniú ag tuismitheoirí. Foláireamh a thabhairt do pháistí a mbíonn a n-ainmneacha sa leabhar clóis 3 huaire.
Samplaí de mhí-iompar tromchúiseach:
Siar cur isteach ar an rang / ag inseacht bréaga / ag goid / ag déanamh damáiste de threallamh daltaí / bulaíocht / ag ais fhreagairt an mhúinteora, ag teacht isteach í gclós na scoile tar éis amanta scoile gan cead / Ag fágáil timpeallacht na scoile í rith lá scoile gan cead / gan bheith ag déanamh an iarracht is fearr lena gcuid oibre / ag úsáid droch theanga / Ag tabhairt uirlisí ar scoil / ag gortú páiste eile d'aon ghnó.
Céimeanna atá le leanacht ag an múinteoir í gcásanna mhí-iompar tromchúiseach:
1. An páiste a chuir go dtí an Príomhóide.
2. Cuireann an Príomhóide nóta abhaile sa dialann scoile le siniú ag tuismitheoir.
3. Casanna an Príomhóide in éineacht leis an múinteoir ranga ar an tuismitheoir.
4. Cuirtear í n-iúl do Chathaoirleach an Bhord Bainistíochta é agus iarrtar ar na tuismitheoirí teacht chun labhairt leis an gCathaoirleach, agus an Príomhóide agus an múinteoir.
Samplaí de mhí-iompar tútach uafásach:
Ag cur foirgnimh nó troscán scoile tré thine / ag fágáil sconnaí ar siúl d'aon ghnó / iompar ionsaitheach / bagairt ar dhuine / iompar foréigneach í n-aghaidh Múinteoir nó páiste / alcól, drugaí nó tobac a bheith ar a seilbh nó a úsáid í dtimpeallacht na scoile nó ag imeacht scoile.
Céimeanna atá le leanacht ag an múinteoir í gcásanna mhí-iompar tútach uafásach:
1. Cuirfidh an Cathaoirleach / Príomhóide an páiste ar fhíonraí ar an bpoinnte tar éis comhrá a dhéanamh le tuismitheoirí an pháiste.
2. Breathnófar ar dhíbirt ón scoil í gcás í gcásanna fíor dhona de réir rial 130(5) do scoileanna náisiúnta. Ní dhíbreofar aon dalta ón scoil gan cead an phatrúin a fháil roimh ré.
(Is gá a rá nach bhfuil sa liosta seo ach samplaí amháin. Ní liosta cuimsitheach é do gach mí-iompar agus do gach céim a leantar dá thoradh sin).
3. Tabharfar coip den chód smachta agus iompar do thuismitheoir sula nglactar le clárucháin a bpáiste. Mar reamchonniall clárachán iarrtar ar thuismitheoirí an cód a léamh agus siniúcháin a thabhairt go nglacann said leis an gcód agus go ndéanfaidh said gach iarracht cinntiú go gclaoínn an páiste leis an gcód. Dé réir (Roinn 23 (5)) den acht oideachais beidh cóipeanna den chód smachta agus iompar ar fáil sa scoil í gcónaí do pháistí agus tuismitheoirí nuair a iarann said é. Déanfar athbhreithniú ar an gcód ó am go ham.